Albain – a nation once again?

Cén tionchar a bheadh ag neamhspleáchas na hAlban ar Éirinn?

Tá an-chuid cainte ann cheana féin faoin reifreann ar
thodhchaí Sheanad Éireann. Gan amhras, beidh tábhacht ar leith ag toradh na vótála anseo ar 4ú Deireadh Fómhair ach tá reifreann eile á reachtáil i ngar dúinn ar 18ú Meán Fómhair 2014 atá fíorthábhachtach chomh maith – fiú níos
tábhachtaí ar bhealaí áirithe b'fhéidir.

Sin an lá nuair a bheas muintir na hAlban ag vótáil ar cheist an neamhspleáchais. An cheist a chuirfear ná: “Should Scotland be an independent country?” (Níl aon leagan i nGaeilge na hAlban le cur ar fáil, is cosúil.)

Cé nach bhfuil mórán spéise á léiriú ag an bpobal agus an aicme polaitíochta i ndeisceart na tíre seo sa reifreann
Albanach, tá daoine ó thuaidh ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí.

Léirigh Martin McGuinness an dearcadh a bhí ag Sinn Féin: “It is for the people of Scotland alone to decide and vote on their country’s future.”

READ MORE

Dúirt sé i dtaobh na Ríochta Aontaithe in agallamh le Times Londan anuraidh go raibh "the end of the Union as we know it" ag teacht. Is léir nach mbeidh
McGuinness ag sileadh na ndeor má éiríonn na
hAlbanaigh as an Ríocht Aontaithe.

Níl an dearcadh céanna, áfach, ag Peter Robinson. Labhair sé ar an gcaidreamh stairiúil idir Ulaidh agus Albain ag cruinniú mullaigh de Chomhairle na Breataine agus na hÉireann i mBaile Átha Cliath anuraidh: “We hope that Scotland knows just how much we want them to remain within the UK.”

Tá difríochtaí idir
náisiúnachas na hAlban agus an branda Éireannach, ar ndóigh. Fiú má ghlacann an pobal vótála le rogha an neamhspleáchais, deir Páirtí Náisiúnta na hAlban (Scottish National Party/SNP) go n-aithneofar fós an bhanríon Éilís II mar cheann stáit. Ní nach ionadh, tá daoine áirithe ag tabhairt
"independence-lite" ar an éileamh atá ag an SNP.

Is féidir a rá, áfach, go bhfuil an bhanríon ina ceannaire siombalach agus nach bhfuil cumhacht fhoirmeálta aici ar aon chinneadh rialtais.

Ceist níos casta ná cúrsaí airgeadais. Tá an euro mar rogha fhadtéarmach ag an SNP. Deir an páirtí go gcoimeádfar bancnótaí steirling in Albain neamhspleách. Bheadh ról lárnach ag Banc Shasana fós ach níl sé soiléir cén
tionchar a bheadh ag Albain ar aon chinneadh a thógfadh an banc céanna.

Bheadh impleachtaí móra do pholaitíocht Shasana dá n-imeodh Albain ón aontas. Faoi láthair, is le cabhair ó vótaí Albanacha a thagann Páirtí an Lucht Oibre i
gcumhacht ó am go chéile. Ach dá mbeadh na vótaí sin in easnamh, d'fhéadfadh na Tóraithe bheith i gcumhacht go deo na ndeor.

Ag tagairt don cheist sin san Observer le déanaí, dúirt príomhaire na hAlban agus ceannaire an SNP, Alex Salmond: "It's not the mission of the Scots to save England from voting for the government that England votes for."

Bheadh impleachtaí ansin do mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas. Cé chomh compordach is a bheimis le síor-rialtas coimeádach i Londain? Cuir i gcás gur tháinig Thatcher nua i gcumhacht agus gan ach fíorbheagán seans go bhféadfadh leis an Lucht Oibre seilbh a fháil ar Uimhir a Deich Sráid Downing? Ag an am céanna, nach n-oirfeadh sé do thromlach mhuintir na hÉireann, go stairiúil ar aon nós, dá mbeadh an Ríocht Aontaithe ag dul i léig? Nach í sin an chúis go bhfuair na tírghráthóirí bás ó ghlúin go glúin?

Agus cad mar gheall ar an Aontas Eorpach? An mbeadh Albain fós ina ball? Is cosúil go mbeadh ar Albain ballraíocht as an nua a lorg ón mBruiséil ach go mbeadh an próiseas sách gearr, ós rud é go bhfuil an tír ag cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh mar bhall cheana féin – an acquis communautaire. D'fhéadfadh ballstát ar bith vótáil in aghaidh na hAlban a ligean isteach. Ach dúirt an t-iarthaoiseach John Bruton leis an BBC go raibh sé den tuairim go bhféadfaí an próiseas a chur i gcrích thar tréimhse 18 mí dá mbeadh tromlach don neamhspleáchas sa reifreann agus an Ríocht Aontaithe agus na ballstáit eile i bhfabhar.

Cén seans atá ann go vótálfar ar son neamhspleáchais? Dar le pobalbhreith a reachtáladh ag Panelbase don Sunday Times agus Real Radio Scotland Dé Domhnaigh seo caite, tá 46 faoin gcéad (+2 faoin gcéad ó mhí na Bealtaine) in aghaidh, 37 faoin gcéad (+1 faoin gcéad) i bhfabhar agus 17 faoin gcéad (-3 faoin gcéad) nach bhfuil cinneadh déanta acu go fóill.

(Dúirt Salmond leis an New Statesman faoi thoghchán eile le déanaí: "I went into an election in 2011, 20 points behind in the polls and ended up 15 in front.")

Tá an SNP ag maíomh go mbeadh saibhreas le teacht ó na foinsí ola atá ann agus go mbeadh Albain mar shórt Iorua a Dó. Ach deir an
feachtas in aghaidh an
neamhspleáchais, Better Together, go bhfuil áibhéil ann agus go bhfuil an t-ioncam cánach ón ola sa Mhuir
Thuaidh ag laghdú.

Tháinig Albain agus Sasana le chéile sa bhliain 1707. Ar nós Acht na hAontachta s'againne, bhí líomhaintí ann gur tugadh breabanna do bhaill na
parlaiminte. Ní raibh aon amhras ar fhile náisiúnta na hAlban, Robert Burns, faoin scéal: "We are bought and sold for English gold. Such a parcel of rogues in a nation."

Níl aon ór ar fáil an babhta seo, is cosúil.